Co-chànan/ Comhtheanga: Scottish/ Irish Gaelic Residency

Co-chànan/Comhtheanga: Cónaitheacht do Scríbhneoirí Gaeilge/Gàidhlig na hAlban

Comhghairdeas le Eoin P. Ó Murchú agus Pàdraig MacAoidh ar a bhronnadh ár gcéad cónaitheacht Co-chànan/Comhtheanga


Is cónaitheacht chumaisc é Co-chànan/ Comhtheanga, dírithe ar scríbhneoirí aitheanta ag obair as Gaeilge nó as Gàidhlig atá ag pléigh in a chuid oibre leis na naisc idir na comhtheanga seo, agus a chuid pobail.   

Scríbhneoir, aistritheoir agus aisteoir é Eoin P. Ó Murchú. Roghnaíodh an chéad aistriúchán lánfhada uaidh (ó Ghaeilge na Alban), Tinte na Farraige Duibhe, a foilsíodh sa bhliain 2020, ar ghearrliosta dhuais aistriúcháin de Bhaldraithe.

Tá gearrscéalta agus filíocht dá chuid i gcló ar Poetry Ireland Review, Comhar, Feasta, Lá, Lá Nua, chomh maith le foilseacháin iomadúla eile. Bronnadh duaiseanna éagsúla air as a chuid filíochta agus scríbhneoireachta, ina measc comórtas an Fhéich Dhuibh agus duaiseanna liteartha Oireachtais.

Scríobh sé agus stiúraigh sé an dráma Máirtín agus Jenny from the Block a léiríodh mar chuid den fhéile Scene + Heard i mbliana. Chomh-chruthaigh sé Raidió Ráiméis, mír rialta ghrinn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí sé le feiceáil sa tsraith teilifíse chomhaimseartha An Clò Mòr ar BBC Alba le déanaí.

’S e bàrd, craoladair agus oraidaiche a th’ann am Pàdraig MacAoidh. Tha dà leabhar bàrdachd aige, Gu Leòr (Acair 2015) agus Nàdur De (Acair 2020), agus pamflaid, From Another Island (Clutag, 2010). Bidh e a’ sgrìobhadh anns a’ Ghàidhlig agus a’ Bheurla, agus chaidh an obair aige eadar-theangachadh gu Albais, Beurla, Cuimris, Fraingis, Gaeilge, Gearmalitis, Masadonais, Ogsatainis, Seicis agus Slòbhacais. 

Peter Mackay is a poet, lecturer and broadcaster. He has two collections of poems, Nàdur De (Some Kind of, 2020) and Gu Leòr (Galore, 2015), published by Acair, and a pamphlet, From Another Island, with Clutag Press (2010). He writes in Gàidhlig and English, and his work has been translated into Czech, French, German, Irish, Occitan, Macedonian, Scots, Slovakian and Welsh. 

Glacfaidh Eoin P. Ó Murchú agus Pàdraig MacAoidh páirt i gCónaitheacht Idirnáisiúnta Moniack Mhor i Meán Fómhair 2024. Tabharfar deis dóibh a gcleachtas cruthaitheach a fhorbairt i gcuideachta scríbhneoirí ón Úcráin, as Albain agus Aotearoa, agus in éineacht le Comhalta Jessie Kesson Moniack Mhór 2024.

Roimh thús na cónaitheachta, buailfidh nascríbhneoirí rannpháirteacha le chéile ar líne chun deis a thabhairt dóibh a gcuid oibre a roinnt lena chéile agus téamaí na hoibre i gcomhar a bheidh ar siúl acu a phlé. Ina dhiaidh sin, déanfar na téamaí comhoibríocha seo a fhorbairt i gceardlann a chuirfear ar fáil do dhaoine óga i nGarbhchríocha na hAlban agus in Éirinn trí Zoom i Meán Fómhair. Tar éis na cónaitheachta, déanfaidh na scríbhneoirí a gcuid oibre a léiriú agus a phlé ag ócáid ar líne a bhfreastalóidh daoine de phobail labhartha Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban uirthi.


Tá an chónaitheacht seo maoinithe go flaithiúil ag Bòrd na Gàidhlig agus ag Foras na Gaeilge trí Chiste Cholmcille.

.

Comments are closed.